Thomas Mann

Ba scríbhneoir clúiteach Gearmánach é Paul Thomas Mann (rugadh ar an 6 Meitheamh 1875 i Lübeck é; d'éag sé ar an 12 Lúnasa 1955 in Kilchberg i gcóngar do Zürich). Ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta íorónta thug sé cur síos dúisitheach ar dheireadh na tréimhse buirgéisí i stair chultúrtha na Gearmáine.

I dtraidisiún liteartha na Gearmáinise, is buirgéiseach léannta é féin, agus é faoi thionchar filí cosúil le Johann Wolfgang von Goethe agus Theodor Fontane. B'í a stíl shainiúil a thabhaigh gnaoi na léitheoirí dó, agus ba luath ina shaol a d'aibigh sé mar scríbhneoir.

Ní raibh sé ach dhá bhliain fichead d'aois, nuair a d'fhoilsigh sé an t-úrscéal mór úd ''Buddenbrooks'' ("Muintir Buddenbrook"), arb é scéal an teaghlaigh bhuirgéisigh úd Buddenbrook i Lübeck é. B'é an t-úrscéal seo a thuill Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1929.

I mblianta an Chéad Chogadh Domhanda, bhreac sé síos ''Betrachtungen eines Unpolitischen'' ("Nótaí ó fhear neamhpholaitiúil"), inar chosain sé impireacht na Gearmáine, go gairid sular imigh an impireacht úd de dhroim an tsaoil.

Ní ba deireanaí ina shaol, d'athraigh sé aigne i leith na himpireachta. Ina chuid aistí polaitiúla, chuir sé in iúl go raibh sé ag tacú le Poblacht Weimar mar dhuine den tseanaicme bhuirgéiseach.

Nuair a tháinig Adolf Hitler i gcumhacht, chuaigh sé ar imirce. I Meiriceá, bhí sé ina chraoltóir bolscaireachta, agus é ag gríosú na nGearmánach in aghaidh an Naitsíochais.

Cuid den oidhreacht liteartha a d'fhág sé ina dhiaidh is ea a chuid dialann, ina dtráchtadh sé ar chúrsaí na polaitíochta domhanda chomh maith lena shaol príobháideach féin.

Scríbhneoirí tábhachtacha ab ea a dheartháir Heinrich Mann agus triúr dá sheisear clainne: Erika, Golo agus Klaus Mann. clé|mion|188x188px|11881: sé bliain d'aois Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 3 toradh á dtaispeáint as 3 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Mann, Thomas', am iarratais: 0.04s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Jacobj, Holger, Mann, Thomas, Schomerus, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 2019
    Gairmuimhir: R 261 Ver 4.Aufl.
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Versteyl, Ludger-Anselm, Mann, Thomas, Schomerus, Thomas
    Foilsithe / Cruthaithe 2012
    Gairmuimhir: R 261 Ver 3.Aufl.
    LEABHAR
  3. 3
    Rannpháirtithe: “…Mann, Thomas…”
    Gairmuimhir: R 277 Lan
    Ábhar tagartha